Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0150
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fathach ann uair amháin agus bhíodh sé ag goid uan agus caorach agus beithidheach agus...”
Bhí fathach ann uair amháin agus bhíodh sé ag goid uan agus caorach agus beithidheach agus chu[?] rud mar sin. Oidhche amháin bhí an fathach i n-a chodladh agus tháinic duine ag an doras agus sé poll ins an talamh agus do chuir sé an féar glas ae uachtar an phuill ionnus nach n-aithneóchadh an fathach go raibhan poll ann. Nuair a bhí sin déanta aige do bhuail sé ar an doras agus chuaidh sé i bhfolach taobh thiar de chrann mór a bhí i n-aice leis an teach. D'éirigh an ffathach, chuaidh sé amach agus nuair a chonnaic an duine a bhí taobh thiar de'n chrann é rith sé agus thug sé buille do'n fathach agus do mharbhuigh sé é agus bhí chuile duine san gcomhasrasnacht buidheach de'n fhear.(gan teideal)
“Bhí fíodóir ann fadó agus bhí mac aige agus ní choinneóchadh an páiste síos uaidh nuair a bhíodh...”
Bhí figheadóir ann fadó agus bhí mac aige agus ní choinneóchadh an páiste síos uaidh nuair a bhíodh sé ag obair agus uair dá raibh sé ag caitheamh na spóllaí amach uaidh buaileadh ceann de na spóllaí sa tsúil ar an páiste agus thosuigh an páiste ag gáiridhe. Tháinig olc mór ar an máthair mar gue cheap sí gur ag gol a bhí sé. Dubhairt an fear go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe