Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Is fearr leath-bhuilín ná a bheith gan árán
2. Is cóir biadh a bheith istigh ag duine i gcóir an lae fhliuich.
3. Capall na h-oibre an biadh.
4. Ná díol an féar a bhíos san sgioból acht díol an féar a bhíos amuigh faoin mbáistigh.
5. Is fada ó stuaim an stucaireacht.
6. An rud a théigheas i bhfad téigheann sé i ngearr.
7. Nuair is fear an greann is eadh is fearr leigean dó.
8. Ba mhinic ciúin cionntach.
9. Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán.
10. Is namhaid an chéard gan í d'fhoghluim.
11. An t-é nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé san bhfoghmhar.
12. Ars an Chailleach Bhéarra le Cailleach Mhuigheó an t-é bhíos go maith duit bí go maith dó."
13. Nuair a bhíos an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh.
14. Céard a dhéanfadh an cat acht luch a mharbhughadh.
15. Is fearr an tsláinte ná an táinte.
16. Is fearr an tsláinte ná an t-ór.
17. An t-é a mbíonn an iomaracha uabhair air sé is dócaighe bheith ag caoineadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)