Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0161
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Is fearr leath-bhuilín ná a bheith gan árán
    2. Is cóir biadh a bheith istigh ag duine i gcóir an lae fhliuich.
    3. Capall na h-oibre an biadh.
    4. Ná díol an féar a bhíos san sgioból acht díol an féar a bhíos amuigh faoin mbáistigh.
    5. Is fada ó stuaim an stucaireacht.
    6. An rud a théigheas i bhfad téigheann sé i ngearr.
    7. Nuair is fear an greann is eadh is fearr leigean dó.
    8. Ba mhinic ciúin cionntach.
    9. Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán.
    10. Is namhaid an chéard gan í d'fhoghluim.
    11. An t-é nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé san bhfoghmhar.
    12. Ars an Chailleach Bhéarra le Cailleach Mhuigheó an t-é bhíos go maith duit bí go maith dó."
    13. Nuair a bhíos an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh.
    14. Céard a dhéanfadh an cat acht luch a mharbhughadh.
    15. Is fearr an tsláinte ná an táinte.
    16. Is fearr an tsláinte ná an t-ór.
    17. An t-é a mbíonn an iomaracha uabhair air sé is dócaighe bheith ag caoineadh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge