Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí fuinte aice déanann sí cruinn í agus annsin leathnuigheann sí amach í go mbíonn an cáca comh mór leis an mbácaís beagnach.
Bíonn an bácús dhá théitheadh cois na teine agus cuimliigheann sí píósa ime de thóín an bhácúis i gcaoi nach ngreamóchadh an cáca de'n bhácús. Annsin cuireann sí an cáca isteach ann agus cuireann sí an cáca isteach ann agus cuireann sí teine faoin mbácús agus os a chionn agus fágann sí annsin é go mbíonn an t-arán bruithte.
Tá greidill ag cuid de na daoinibh thart annseo fós agus is fearr le na daoine sin an cáca a bhruithtear ar an ngreideall ná an cáca a bruithtear san mbácús. Is maith leo cáca greidill te agus im air le haghaidh an tae sa tráthnóna. Déanann mo mháthair a dhó nó a thrí de chácaibh gach lá. Déanann sí cáca d'fhataibh agus de phlúr anois agus arís. Déanadh na daoine cácaí de phlúr agus de mhin-bhuidhe fadó.
Do mheileadh na daoine cruithneacht sa mbaile fadó le bróintibh, dhá chloich mhóra os chionn a chéile agus píosa mór iarainn aníos as ceann aca agus é ag dul suas tríd an gceann eile. Bhíódh lámh mhór suas le n-a chasadh.
Is cuimhneach le Seaghán Ó Cuinn (82), Creag Bhuidhe, go bhfaca sé daoine ag déanamh cácaí de mhin-choirce agus de bhláthaigh.- Faisnéiseoir
- Seaghán Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe