Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní mór cúigear ar a laighead do bheith ann.
"Amadán na gceithre gcoirnéal" a tugtar air. Cuirtear ceithre clocha móra tamall ó n-a chéile ar an talamh agus seasann duine ag gach cloich agus bíonn duine eile i na sheasamh istigh i n-a lár. "An t-Amadán" a tugtar ar an duine a bhíos istigh. Annsin tosuigheann an ceathrear eile ag rith ó chloich go cloich agus má éirigheann leis an t-Amadán a bheith ar chloich roimh duine aca, caithfidh an duine sin dhul isteach agus bheith i n-a amadán agus leantar dhe mar sin go mbíonn siad tuirseach.Imrightear an chluiche seo cois teine.
Lasann páiste aca cipín agus coinigheann sé i n-a láimh é an fhaid is bhíos sé ag rádh na bhfocal seo:-
"Jack is alive and alive is he
if he dies in my hand a sovereign I will give thee."
Annsin tugann sé do dhune eile é agus deireann an duine sin na focla céadna agus nuair atá siad ráidhte aige tugann sé do dhuine eile arís é agus an t-é go mbíonn an cipín aige nuair a múchfar é sin é an duine is giorra saoghal sa gcomhluadar.- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Micheál Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe