Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor tighthe ar an mbaile seo, Móinteach, fadó thar mar atá anois. Níl ar an mbaile anois acht naoi dtighthe déag acht is cuimhneach le na sean-daoinibh nuair a bhí dhá theach eile ar an mbaile. Tá ceann aca a bhfuil na ballaí le feiceáil ann fós agus an teach eile cuireadh amach é leis an mbóthar a dhéanamh. Tá go leor sean-bhallaí eile ann agus ní fhaca mise aoin duine in-a chomhnuidhe ionnta. Tá sean-bhallaí eile ann i n-áit a raibh scoil fadó agus b'innte a fuair cuid de na sean-daoinibh a gcuid foghluim. Tá lorg tighe eile ann i n-áit a raibh bráithre agus is cineál reilige anois é i n-a gcuirtear páistí óga.
Bhí bean ar an mbaile seo fadó i dteach go bhfuil a shean-ballaí le feiceál ann fós agus bhíodh sí tinn gach ré lá agus maidin amháin a d'éirigh sí bhí uirthe dhul ar a leabaidh arís agus í i ngreim i laiste an dorais agus cuid dí istigh san leabaidh mar nár fhéad sí dhul níos fuide. Nuair a chailleadh í d'fhan sí annsin go dtainic duine eicínt a thóg í. Bhí saor ar an mbaile seo fadó agus rinne sé teach ann agus dubhairt sé go mbeadh ubh neide ann i gcomhnuidhe agus tá daoine in-a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe