Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Croise air gach uair agus é a chur air gach maidin go mbeadh sé imthighthe.
Dhá mbeadh sgoilteóga ar chois duine agus dá ndóirtfeadh sé braon de choinnil bheannuighthe uirthe do leigheasóchthaí í.
Dá ngearradh duine a chos nó a lámh dhéanadh na daoine Comhartha na Croise os cionn an ghearrtha agus leigheasfadh é sin an ghearradh.
Duine a chuimleóchadh al-suacan (arc luachra) dhá theangain trí h-uaire bheadh leigheas ar dóighte aige. Dá ndóightí duine agus dá gcuimligheadh an duine go mbeadh an leigheas aige a theanga de'n áit ar dóigheadh an duine ní bheadh aon cheó air.
Dá mbeadh tinneas fiacal ort ba cheart salann do chur in do bhéal. Uaireannta cuireann daoine sugha as an similéar thart ar an bhfiacail a bhíos tinn.
Dá mbeadh slaghdán ar dhuine is maith an rud bainne reamhar nó bláthach do bhruith le min-choirce agus siucra agus é d'ól chomh té agus is féidir.
Dá mbeadh riosta nó caol-láimhe duine leonta sé an leigheas a bheadh air ná a chur faoi uisge a bheadh ag rith nó at tuitim le fánaidh.