Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhi brosca maith ag sagart.
Thug an bhean go dtí an sagart é agus chuaidh an fear isteach chuig an sagart agus d'fhág sé an bhean taobh amuigh. Leag sé cúpla leath-choróin ag an sagart agus d'fiarfhuigh sé dhe oifige a léigheadh ós cionn an bhean mar go raibh sí dha leanamhaint ar fud an aonach agus ag rádh "Torm luach mo mhuice" (b'fhíor dhó). Annsin tháinic an fear amach agus dubhairt sé leis an bhean go bhfeicfeadh an sagart ceart í. Annsin glan sé leis.
Tamall in a dhiaidh sin tháinic an sagart amach agus an stil faoi'n a mhuinéal. Thosuigh sé ag léigheadh ós cionn an bhean "Ara cé'n deamhain ná diabhail atá ort ach torm luach mo mhuice" ar sise.
"Hum" ar san sagart "Is cosamhail gur b'fhíor do'n fhear eile fhéin é" agus tar éis gur léigh sé cúpla rudaí eile chonnaic sé gur cás an -dona a bhí ins an bhean sin. Ach bhi na spailpíní balluighthe leó.- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Párthalán Ó Coisdealbha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann