Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adubhairt sé fhéin a chonnaic sé í ach níor chuir sé aon tsuim innti go bhfacaidh sé í ag dul trí geata na páirce gan í a fhosgailt no gan aon rud a dhéanamh ach dul go deas réidh thríd an ngeata.
Chuaidh sí isteach í gCoill Chill Clunaidh agus rinne sí líne díreach go h-áit a raibh Baile ann fadó (400 bliadhain ó shoin) a tugtaí Baile na Péice air.
Aon oidhche amháin tuairim 'san mbliadhain 1882 bhí mo shean-athair (beannacht Dé lé'n anam) ag tarraingt mineadh ó Gaillimh go Baile an Mhuilinn agus nuair a bhí sé ag teacht i n-aice lé Gort na Croise chonnaic sé bean gléasta í gculaith éadaigh geal agus í ag déanamh ar an áit a raibh Baile na Péice. Stad sé ag féachaint uirthi agus stad sise freisin. Thosuigh sé ag tiomáint arís agus thoisigh sise ag siubhal. Stad sé arís agus stad sise.
Annsin chuaidh sé ar aghaidh arís ach stat sé. Níor stop an bhean an uair seo ach chuaidh sí thar an chlaidhe atá thart ar Choill Chill Clúnaidh gan lámh a leagan air, agus rinne sí ar Baile na Péice.
Seo páirceanna agus áiteanna eile. Acra na leanna, Rádh-Ruadh, na sléibhte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann