Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor tighearnaí talmhan í n-Éirinn í naimsir ná bpéin dlighthe. Bhí tighearna í ngach baile beagnach agus bhí ceann amháin in mo baile beag féin agus an tainm a bhí air ó Grádaigh agus bhí se ina chomhnuidhe i gaisleáin an bharraigh. Bhí báillí freisin ag caitheamh daoine amach as a dtighthe agus ag seizáil stoc na daoine í gcóir na rates.
Chualaidh mé m'athair ag rádh go minic go bhfacha sé na báill[í] ag caitheamh go leor daoine amach ar thaoibh an bhothair agus ag tóig[ ] stoc ó ná daoine. Bhí go leor báillí agus tighearnaí i ngach cúig[e] i n-Éirinn ar fad. Tighearnaí Gallda a bhí ionnta go léor aca agus tháinig siad ó Shasanaigh agus thóg siad seilbh í n-Éirinn.
Nuair a chaithidís duine amach as seilbh cuireadh siad Shasanach isteach in a náit agus thugadh siad do'd duine a cheannuighea[ ] ón{?] talamh é.- Bailitheoir
- Seán Ó Fearchair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fearchair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann