Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0070
- XML “Seanleigheasanna”
- XML “Galraí agus Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin é a cheangailt tar timcheall ar an muineál deirtear go leigheasóchaidh sé an duine ó'n tinneas fiacaíl. Deirtear freisin má bhíonn lot nó gearradh ar duine agus má ligheann madadh é deirtear go leigheasóchaidh sé é.
- Is iomdha galra atá ar an duine ó-n lá a beirtear é go dtí an lá a dtéidheann s[é] sa gcré. Tá galraí eile a bhuaileas duine lé linn a óige agus nach mbaineann leis uaidh sin amach. Tá galraí nach mbuaileann duine go dtí go mbíonn sé i n-[a] shean-duine.
Gheibheann daoine an triuch nuair a bhíonn siad óg. Má gheibheann duine an triuch í mbaile ar bith annsin tógann gach duine 'san mbaile é. 'Sé an leigheas atá leis an triuch anbhruith ghráinneóige a ó[l] leigheas eile freisin, má castar fear agus capall bán aige agus iarraidh air leigheas a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann