Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfághaidh mé triúr mar sibhse!" D'imthigh sé leis. Ní dheachaidh sé i bfad go bfaca sé fear ag cáthadh coirce lé sluaiste. "Ceard atá tú ag dhéanamh annsin?" arsa Tomás leis a bhfear "tá mé ag iarraidh an coirce a cathadh" ars an fear. "Tabhair amach annseo é agus leig anúas tríd an gcriathar é" ar seisean léis.
"Níor chuimhnigh mé ar sin ariamh" ars an fear. "Sin amadán amháin ar chuma ar bith", arsa Tomás. Bhí sé ag imtheacht agus chonnaic sé fear agus rópa faoí mhuinéal ná bó agus é ag tharraingt na bó súas ar a theach cun an feir a ithe. "Céard ata tú ag déanamh annsin?" arsa tomás leis an bhfear. "Tá mé ag iarraidh an bó seo a tharraingt súas ar an teach leis an bhféir a ithe" arsa tomás.
"Nach bhféadfá a gearradh lé corán agus annsin a thabhairt dí", arsa tomás "Níor chuimhnigh mé ariamh ar sin," ars an fear. Tá trí bó marbh agam mar sin," ars an fear. D'imthig sé leis go dtáinic sé go páirc glas agus chonnaic sé fear ag tabhairt léim isteach ina bhriste. "Ceard tá tú ag déanamh annsin?" arsa tomás leis an bhfear. "Tá mé ag iarraidh dul isteach in mo bhríste" ars an fear. Dubhairt tomás cós amháin a chur isteach agus annsin an ceann eile. "Tá sin ceart" ars an fear. Fuair mé triúr amadán comh mór leis an triúr eile sá mbaile" arsa tomás agus d'fhill sé abhaile.- Bailitheoir
- Miceál Mac Giolla Phádhraig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na Gaoithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Péadar Mac Giolla Phádraigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na Gaoithe, Co. na Gaillimhe