Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0091](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0042%2FCBES_0042_0091.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0091
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)draoidheacht imthighthe annsin. Tháinig a fhear amach aici go ríméadach gur phógadar a chéile.
Chuadar abhaile agus maireadar lé chéile uaidh sin amach agus níor bac seisean lé n-a chuid fíadhach ní ba mhó.
Sgéal Grinn Bhí páidín an t-Éireannach i Lonndain úair. Bhí sé ag obair annseo agus annsiúd go raibh cuid maith airgead sábháilte aige. Ba mhaith leis é a chur i dtaisge i siopa eicínt. Níor mhaith leis an airgead ar fad a chur i náon siopa amháin agus mar gheall ar sin chuir sé punt annseo agus punt annsin i go leór siopaí. Dubhairt sé dá dtiocfadh sé isteach úair ar bith agus a chaipin a bhaint dhe agus a rádh tá cuimhneamh agat ar an tsean-cáibín sin go mbíodh sin i-na chomhartha go raibh an tairgead ag teastáil uaidh.
Cúpla lá i-na dhíaidh sin bhí Sasanach ag magadh faoi is cómh dona a bhí a shean-cáibín. Dubhairt Páidín gur fiu go leór airgead é. Leis sin chuaidh sé isteach i siopa a raibh punt aige ann bhain sé a cháibín de agus ceannuigh onsa tobac. Annsin dubhairt sé "a shean-cháibín íoc é sin" agus thug buille d'on gcabhantar. Thug fear an ts[i]opa an tobac dhó agus sinséail o'n bpunt. Rinne sé é sin ins na siopaí ar fad a raibh airgead aige ann beagnach. Bhí an Sashanach ag fair-- Bailitheoir
- P. O' Díscín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Halliday
- Inscne
- Fireann
- Aois
- Os cionn 30