Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0104
- XML “Fathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fathach
Bhí fear i n-a chomhnuidhe i nDealgain fadó agus bhí mac an-láidir aca agus aon lá amháin d'imthigh sé agus ní raibh a fhios ag an athair ná an mháthair cá raibh sé imhthighthe agus níor sgriobh sé chuca.
Tar éis tamaill an-fhada do tháinic sé abhaile agus bhí sé comh mór agus comh láidir le fatach. Do bhí sé ag iarraidh ar daoine é a throid ach ní throidfeadh aon duine é. Níor aithnigh an athair é agus do thug sé dubhslán dá mhac.
Ag droichead Dealgan do throid síad agus d'aithnigh an mac an tathair agus nuair a tháinic síad le chéile ag troid ní raibh an mac ag troid ar a dhicheall i n-agaidh an athar ach ag tabhairt aire dhó fhéin ionnus nach raibh an tathair i n-an buille air. Ach cebí cé'n bhealach a b'fhuair an tathair seans air do mharbhuigh sé é. Nuair a bhí an mac marbh d'inni[s] máthair an fhathaigh d'on athair gurbh é a mhac féin a mharbuigh sé. "Anois" ars' an tathair "ó thárla go b'fhuil gaisg amháin déanta agam tá sé im'intinn an ghaisg eile a dhéanamh - thú fhéin a mharbhugadh nuair nár innis tú dhom gurbh é sin mo mhac. Chomh fhad is tá crann ag fás i nDealgain fágaim mo mhallacht ann" ars athair an fhathaigh "nuair nár innis na daoine dhom gurbh é sin mo mhac". Tá cloch ar an Droicead ag taisbáint gur marbuigheadh duine annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pilib Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó hAodha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann