Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal faoi thaidhbhise
Bhí fear ann aon uair amháin d'arbh ainm Peadar Ó Muláin. Rinne sé teach nuadh agus an fear a rinne an teach dó níor thug sé aon airgead dó agus fuair sé bás gan an tairgead a thabhairt do'n fhear. Bhí aon mhac amháin ag an bhfear agus lá amháin nuair a bhí an mac ag obair amuigh sa'n ngort chonnaic sé a athair ina sheasamh ó's a chomhar agus thuit an mac i lagair ar an talamh.
Nuair a tháinig sé chuige fhéin chuaidh sé isteach go dtí a theach agus d'innis sé dá mháthair go bhfaca sé a athair. Dubhairt a mháthair leis nuair a d'fheiceadh sé a athair arist fiafruighe dé céard do bhí ag teastáil uaidh. Lá éile agus é ag féachaint ar na caoirig chonnaic sé a athair aríst agus thuit an mhac i lagair aríst.
D'iarr sé ar cúpla buacaillí annsin dul leis agus nuair a d'fheicfeadh sé a athair íarraid air céard do bhí ag taistáil uaidh. Cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a bhí na buachaillí leis chonnaic sé an tathair agus d'iarr síad ar an raibh rud ar bith ag taistéal uaidh. Dubhairt sé beobhfa [!] go raibh airgead aige lé thabhairt do'n fhear a rinne an teach dó agus é a thabhairt dó. D'imtigh sé ar an nómat sin agus ní fhaca an mac aríst é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Catháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Poll an tSiúraic, Co. na Gaillimhe