Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feilméar agus a bhean ann agus ní raibh aca acht aon mhac amháin. Buachaill breagh urramhanta láidir a bhí ann agus ní raibh bean óg ag dul go teach an phobail nach raibh súil i n-a dhiaidh aice.
Bhí an-tóir ar chártaibh aige. Ghabhfadh sé thar chnoc agus gleann seacht míle le oidhche maith cártai a bheith aige agus ní chongbhóchadh a raibh sa saoghal síor é.
Aon oidhche amháin geimhridh bhí sé ag tigheacht abhaile an t-athghiorra tharéis bheith ag cluidhchigheacht nuair a chualaidh sé an fothramán cainnte achair maith taobh shiar de. Bhí an-siosgadh cainnte ann act níor fhéad sé focal ar bith a dhéanamh amach bhí an oiread sin aca ag caint i n-éinfeacht.
Sheas sé go dtáiniceadar suas leis. Bhí an-mheitheal aca ann agus cónra dá iomchar aca. D'aithnigh sé duine aca - d'aithin beirt - triúr. Chonnaic a meisneach aige.
D'fhiafruigh sé díobhtha cia raibh siad ag tabhairt an chónra. Dheamhan fáir ná freagradh a fuair sé. Chuaidh sé de léim ar an gcónra agus bhrugh go talamh é. Bhain a chasóg de agus chaith(leanann ar an chéad leathanach eile)