Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sórt aimsire a bhéas lé teacht. Nuair a bhíos aimsir dona lé teacht toisigheann an bláth dandelion ag dúnadh suas agus ag tuitim síos go leasg[?] brónach. Comhartha go mbíonn aimsir dona ag teacht iseadh - go leór áirní a bheith ar an gcrann árne i dtosach na bliadhna. Nuair a bhíos bliadhain bhreágh ag teacht, bíonn go leór sgeachóirí ann í dtosach na bliadhna.
Tá cuid mhaith planndaí nó luibheanna a bhfuil peisreógaí ag baint leóbhtha go mór mhór an crainn truim. Deirtear nár cheart aoinne a bhualadh lé maide de'n chrann sin mar deirtear nach bhfásann siad arís go deo. Ta slaitíní ins an móin darbh ainm - na fuinnseógaí agus ní fhásann siad ach troigh nó dhó. Deirtear gor leóbhtha a bualadh ár dTighearna nuair a sgiúirsealadh é.
Nuair a bhí ár dTighearna ag teiceadh ó na Iúdaithe d'iarr Sé fosgadh ar an gcrann truim. Ní thiubhfradh sé sin dhí agus mar gheall ar sin cuir Íosa a mhallacht air. Sin é an fáth go mbíonn an crann sin ar an gcrann is deireannaighe a chuireas a duilleógaí amach gach bliadhain, agus is túisge a chailleas iad arís.
Annsin chuaidh Sé go dtí an chrann aitinne agus thug an crann sin fosgadh Dó. Thug Íosa a bheannacht do'n chrann sin agus sin é an fáth a mbíonn sé ar an gcrann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann