Scoil: Baile an Mhuillinn (B)

Suíomh:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Discín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Leathanach 0131
  3. XML “Luibheanna agus Plandaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor plandaí ag fás anois a b'fhuil leigheasanna ionnta agua a bhfhuil an-áth ionnta freisin. Tá eolas mór agam ar phlanda atá cosamhail lé nóinín agus camomile an tainm a tugtar air. Dá mbeadh súl tinn agat fáigh an camomile sin agus cuir lé do shúil é agus i gceann cúpla lá beidh do shúil go maith aríst.
    Tá planda éile freisin a dtugtar an buachaill tighe air. Fásann sin ar cheann an tighe sa gcoirnéal agus tá sé ráidhte go mbeadh an-tádh ins an teach sin. Tá sort planda freisin ar a dtugtar ná bileóga báidte air mar coinnín an planda sin ins an uisge.
    Is minic a chuala mé faoí an dandaline sé sin bláth a fásann ins an cuid is mó do na páirceanna thart timcheall an áit seo tá dath buidhe air agus tá sé ráidte go bhfuil sé an-mhaith dá mbeadh cnámhnaidh tinn ag duine an sórt bainne atá ins an dandaline a cur ortha agus tá sé an-mhaith lé haghaidh cnámhaidh tinne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Catháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe