Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann ag rinnce agus ag ól go dtí.Bhíodh siad 'chomh dalta lé fuinneógaí 'Lealai ag teacht amach díobhtha as an síbín ar maidin agus iad ag ghábhail amhrán go tréan. Seo amhrán aca a chleachtadh.
Beidh muid ag ól go dtí maidin,
Beidh muid ag ól go meadhon lae,
Agus nuair a imtheóchas na buachaillí abhaile,
Beidh na cailíní deas againn fhéin.'Sé an caoi a choinnigheadh fear an tsíbín a cunntas - (ní raibh aon fhoghluim aige) - sgríobhadh sé líneacha agus comharthacha aisteacha ar an driosúir agus ar an doras. Bhíodh sé ceart freisin ins an gcunntais agus bhíodh 'chuile rud ins an teach spotáilte lé cailc - na cathaoireacha, na fuinneógaí, an tábla agus gach rud déanta d'adhmuid a bhí sa teach.
Bhí síbín í Leithead freisin i.e. baile beag eile taobh shuas de Bhaile an Mhuilinn agud do chuarduigh na pílears é uair mar bhí aimhreas ortha go raibh rud eicínt ar siubhail ann. Do shuidh bhean an tighe ar an mbosca i n-a raibh na buidéil, agus nuair do tháinig an phílear i n-aice léi do thosuigh sí ag sgreadaighib agus b'éigean do'n pílear a imtheacht leis gan tada a fhághail.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann