Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear nár mhaith an rud é bheith ag imirt cárdaí go mall 'san oidhche agus tá sgéal lé innseacht faoi agam. Bhí go leór daoine ag imirt cárdaí í dteach áirithe í mBaile an Ghlais uair amháin agus bhí sé ar a dhó a chlog ar maidin gan stop aca leis fós. Bhíodh na cearcai ins an teach ag daoine an uair agus nuair a bhuail an chlog a dó do tháinic an coileach agus do sheas sé ar an mbord. Leig sé trí bhladach as agus do mhúch sé an solas agus do chonnaic na daoine crúbaidh an diabhail faoi'n mbord.
Chuaidh na buachaillí abhaile annsin agus bhí duine amháin aca a raibh bealach fada lé dul aige go dtí a theach fhéin. D'iarr siad air a fanacht 'san teach i n-a raibh sé ach níor fhan sé agus thug sé a bóthar abhaile air fhéin faoi mheadhon-oidhche. Do chasadh go leór daoine leis agus iad go léir dhá bhrughadh amach rómpa. Bhí aithne aige ar chuid aca a fuair bás bliadhanta roimhe sin agus do leag ceann aca a lámh ar a ghualainn agus dubhairt sé: "Cé'n fáth nár fhan tú 'san teach ar iarr siad ort a fhanamhaint ann?"
Bhí faitchíos air a dhul níos fuide agus chuaidh sé go teach a charad a bhí ar thaobh an bhóthair. Bhí cailín i n-a suidhe ann agus do sganruighadh í chomh mór sin, leis an bhfaitchíos a bhí air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Inscne
- Baineann