Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tógadh an droichead treasna na Sionainne i bPortomna sa mbl. 1796. Tógbháluidhe darbh ainm Cox as Aimerica a bhí i mbun na hoibre. Bhí sé 766' ar leithead - agus 391' ó bhruach na habhann annseo in Gaillimh go dtí an t-oileán agus 375' go bhruach eile i gCo. Thiobraid Árainn.
Sa mbliadhain 1814, d'eirigh tuile mhór san abhainn agus sgiob sí an droichead léithi. Tógadh arís é sa mbliadhain 1818 faoi fharthóireacht fear darab ainm Alex Nimmo
Bliadhanta in a dhiaidh sin bhí droch-chaoi air arís agus cuireadh - Buidhean na n-oibreach puiblidhe - an droichead atá ann indiu ar bun. Seo é an droichead amháin idir Chúige Mumhan agus Cúige Chonnacht treasna na Sionainne ó Bheannchor go Cill-dá-Lua - 37 mhíle slíghe.- Bailitheoir
- Máire Ní Eidin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Port Omna, Co. na Gaillimhe