Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0339](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0057%2FCBES_0057_0339.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0057, Leathanach 0339
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0339
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar na mnaoi agus brat braighde ar a guaille nó thimcheall ar a muinéal.
Seo sgéal greannmhar a chualas i dtaobh tailliúra a tháinig ó Bhaile- Átha Cliath go dtí an iarthar. Chuir sé faoi i dteach eicínt le culaith a dheánamh d'fear-an-tighe. Ní raibh focal Gaeidhilge aige, agus bhí a mhalairt de sgéal ag muinntir an tighe - ní raibh focal Béarla acu-san.
An lá áirithe seo, bhí sé in a shuidhe ar an mbord agus é ag obair ar a sheacht ndicheall. Bhí snáithe ag taisteál uaidh agus d'iarr sé ar bhean-an-tighe "thread" a thabhairt dhó. Cheap sise gur "troid" a bhí uaidh agus bhí faithchíos uirthi. Lean sé ag obair go dícheallach gan suim ar bith a chur in a chuid cainnte agus bhí fearg an domhain ar an bhfear bhocht(leanann ar an chéad leathanach eile)