Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Port Omna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Déan rud orma a bhainisteóir" ar seisean "agus ná bí imnidhe ort, sé do bhuach é go raibh tú déidheanach"
"Cé'n fáth?" arsan bainistóir.
Bhí brionglóid uathbhásach agam aréir" arsan fear-faire. Chonnaic mé an traen ag imtheacht ins na feirí glinnte, thárla timpist dhí agus marbhuigheadh gach a raibh ann. Bá mhillteach an radharc é".
Ar an bpoinnte rith fear isteach agus a aghaidh chomh bán le blaosg uibhe - "Timpist uathbhásach ar an mbóthar iarrainn maidin indiu - marbhuigheadh gach duine a bhí 'san dtraen" ar seisean agus é ar chrith le h-eagla.
"Dia idir sinn agus an anachain" arsan bainisteóir acht d'iompuigh sé thart ar an bhfear-faire agus ar seisean leis - "Bí réidh tusa! Gheobhfaidh tú bóthar agus bata maidin amáireach".
(Cé'n fáth go ndearna sé sin?).