Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0112
- XML “Aisling Mhic na Páirte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aíne Ní Fhágarta do chuir síos
Tomás Ó Fagharta a dearbhrathair (21) ar baile na hAbhann a dinnis dhi é.-Céard sin ort a mháthair?
-Níl aon rud acht ag aisling ort a bhím
-Cén aisling sin ort a mháthair?
-Go mbíonn tú go do bhualadh go do mharbhúigh go do chrochadh
Go do chéaradh go do cheangal go phortaí cló;
Coróin spíonta le dhul ar do cheann
Sleagh nimhe le dhul in do thaobh deas,
Do chuid fola bréagh beannuighte na srutháiníní síos leat.
-Nach maith an aising í sin a mháthair!
Níl aon duine a déarfhas an páidir seo trí h-uaire romih dul i mbás chodalta na h-oidhche dhó ní baoghal dhó Ifreann go bráthach acht beidh flaitheas Dé mar luach saothair aige.- Bailitheoir
- Áine Ní Fhagharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fagharta
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe