Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh Aifreann dhá léigheamh thuas ar an sliabh in áit arb ainm dó Cloichreadh (Cloichre). Tá an áltóir ann fós, agus sé'n tainm a thugas na daoine air Cloch an tSagairt. Bhí sean-séipéal in Indreabhán fadó agus bhíodh na daoine ó'n gCnoc anoir agus ó Doire 'n Fhéidh aniar ag tigheacht ag Aifreann ann. Tá sean-bhallaí an t-séipéil fós ann.
Tá pluais amuigh ar an sliabh ar a dtugtar a' Chlochair. Tá sgailp mór siar ann agus bhíodh na sagairt ag dul i bhfolach ann. Bhíodh cuid de na daoine thart ag sgéitheadh ar na sagairt agus bhíodh an oiread seo fuagartha ar chloigeann an t-sagairt ag na Sasanaigh mar bhí siad in aghaidh an Chreidimh Chaitilicigh.Thagadh sagart as Árainn chun Aifreann do léigheadh do mhuintir na h-áite seo. Thagadh sé i dtír thíos faoi íochtar na Minne. Thuas i gCloichre a léigheadh sé an tAifrean, ar Charraig an Aifrinn. Ar bruach a' locha annsin tá Coradh an t-Sagairt, ["Cara" an tSagairt] agus pluais a' tSagairt. T.Ó S.- Bailitheoir
- Síle Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe