Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0178
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Doineann
Máire Ní Eidhin do chuir síos
timceall chúig bliadhna deag ó shoin leagadh teach ar an gCloch Mhóir. Sé an tainm a bhí air ná Tigh Eamóin Sheóighe. Ní raibh duine ar bithe ag comhnaide ann mar bhíodar go léir básaighthe. Leagadh an teach agus sguabadh an ceann de agus tá sé leagtha ó shoin
Athrú anuraidh bhí tóirneach mhór ann agus thuit sí sa loch in n-aice na Cloch' Móire. Marbhuigheadh dhá ghamhain ar Mháirtín Breathnach ar an mBánrain. Thí toirneach mhór ann an oidhche sin agus bhífaitchíos mór ar gach duine. Bhí na sean daoine ag rádh nach raibh aon tóirneach ann chomh mór le na linn féin agus a bhí an oidhche sin. Bhí báisteach mhór ann an oidhche sin agus chuaidh an bháisteach isteach i gcuid de na tighte a bhí i naice anlocha.
Chuaidh sí isteach tighe Mháire Ní Fheineadha sa teach agus sa seomra. Bhí bád Cholm Mhichil Mhóir ag dul siar go Cillín agus ruaigeadh amach go hÁrainn í. Briseadh bád an tSeóighigh i Rosabhíl acht sábháileadh na daoine a bhí innte.
Oidhche na Gaoithe Móire 1839 lá chinn an dá lá dheagi bhístroim uathbhásach ann. Bhí an lá go h'an bhreagh ach timcheall leath uair tar éis a dó dhéag d'árduigh gála mór. Do leagadh go leor tighthe agus fuaduigheadh cocaí féir freisin.- Bailitheoir
- Máire Ní Eidhin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe