Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0250
- XML “An Caisleán Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Caisleán Draíochta Siubhán Ní Churraoin, An Chloich Mhóir Maitiú Ó Curraoin a d'inis
San am fadó bhí caisleán ann agus bhí sé faoi dhraíocht. Mharaigh rí rí eile agus nuair a fuair an dúnmharfóir bás, chuir sé an caisleán faoi dhraíocht. Ní bhíodh an caisleán le feiceáil chor ar bith sa ló ach le titim na hoíche bhíodh sé ann chomh soiléir is a bhí sé an chéad lá riamh.
Bhíodh faitíos ar gach duine a ghabháil an bealach sin le titim na hoíche. Bhí rí ins an áit sin agus thairg sé leath a shaibhris agus a iníon le pósadh don fhear a thógfadh ón draíocht é. Na mílte míle ón áit sin bhí teach agus bhí go leor muirín ann, mac acu seo n raibh a fhios aige céard é faitíos.
Nuair a deireadh buachaillí eile go mbíodh faitíos orthu, d'fhiafraíodh sé díobh céard é faitíos agus ar ndóigh ní raibh éinne in ann é a inseacht dó. Nuair a bhí sé ocht mbliana déag, dúirt sé nach ndéanfadh sé cónaí go bhfaigheadh sé amach céard é faitíos. D'imigh sé leis agus bhí sé ag siúl gach teach ach chinn air freagra a fháil. Cuireadh gach deis air ag iarraidh faitíos a chur air ach chinn ar gach duine.
Lá amháin, bhí sé ag siúl leis mar ba ghnách agus chuaigh sé isteach i dteach ósta. D'fhiafraigh fear an tí dó ar shiúil sé mórán. D'inis an buachaill dó agus an fáth a bhí aige agus ansin d'inis an fear dó faoin gCaisleán Draíochta. Ansin chuaigh an buachaill go dtí an Rí agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- An Chloich Mhóir Thuaidh, Co. na Gaillimhe