Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0219
- XML “Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- As Gort na Móna na chéad blácaigh a táinigh annseo ariamh. Tá sé timcheall céad bliadhain ó tháinig an chéad dream aca.
Duithche an blácaigh é seo ó Droichead Chasla go Droichead Chruimleann.
Mairghréad De Búrca a bhí mar ainm ar mháthair na mblácach.
Pádraic a' bláca an duine deireannach a bhí annseo ag tógáil, é fhéin agus a chlann, agus Séamus a' bláca an chéad duine a bhí annseo. Sin iad a rinne tíorántaí "Risteárd Edward".
Dhá mbeadh laogh deas nó caora deas agat thógfadh an bláchach uait iad agus bhí cuid de mhuinntir na h-áite chomh dona leóbh. Bhí fear as Baile na h-Abhann pósta ag inghin leis an mblácac agus chuaidh siad go America.
Dúbhairt a dhearbhráthair Seán leis an Chloichín Pádraic agus an sparán a thabhairt leis acht dúbhairt seisean an chloicín a chaith san bhfairrge agus báthadh an long a dul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe