Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0256
- XML “Doineann - Toirneach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuairim is cheithre bliadhna óshoin amach i n Deireadh an Fhóghmhair tháinig an-droch - thóirneach teintreach agus báisteach.
Ar feadh an lae bhí toirneach le cloisteáil i bhfad ó bhaile acht ar theacht do'n tráthnóna bhí sé ag méadú de réir a céile. Do bhí cuma uathbhásach ar an spéir agus ní raibh aon duine beó nach gcuirfeadh sé faitchíos air.
Nuair a tháinig an oidhche mhéadhuigh sé 'na dhíleann báistighe, agus toirneach agus lasracha. Lean ar a" toirneach ag méadú agus ag méadú de réir a céile.
Bhí gach duine sgannruighthe agus bhí na beithidhigh a bhí sa gcró ag búithreach le teann faitchís. Ní raibh na daoine i n-don a n-anál a tharraing
Cheapfá go mbeadh an teach leagtha agus tú marbhuighthe gach nóiméad. Tháinig plump amháin uathbhásach agus do chraith sé na tighthe.
Do thuit an toirneach i loch Bhaile na h-Abhann i bhfoisgeacht céad slat do mo theach. Bhí sé ag toirneach mar sin go maidin ach ní raibh sé chómh trom sin.
Nuair a d'eirigh na daoine ar maidin bhí siad ag ceapadh nach mbeadh cró ná beithidheach aca nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Fhágharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Learaí Ó Biaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe