Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0119
- XML “Séipéal na Tulaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Séipéal na TullaigheChuala mé na sean-daoine ag rádh gur ag an sean-bhearic atá in Indreabhán a bhí séipéal na Tulaighe Fadó.Tá an séipéal nua tamall siar uaidh anois agus tá teach cáirr tóghta ag sean Seán Ó Curraidhin ins an áit a raibh an sean- séipéal.Ins an áit a bhfuil an séipéal anois se an chaoi a raibh sean teach gan aon cheann ag an mBlácach ann fadó. Bhí garrdha mór ann agus bhíodh na beithigh istigh ag an mBlácach san sean-teach sin. Tháinig an t-Áthair Ó Gráda anois ar an gCnoc ansin agus thug sé go leor daoine leis mar bhí faitíos air roimh an mBlácach, acht nuair a tháinig se níos chuir an Blácach aon araoid air agus léigh an sagart sin go leor Aifreann san sean-teach. Ansin d'imigh an sagart sin agus níor tháinig aon sagart eile ann go cheann tamall.Ansin tháinig an t-Athair Ó Liatháin agus chuir sé ceann ar an teach agus sin é an chaoi ar cuireadh séipéal ata anois againn ar bun.Tá an séipéal déanta ar Thulaigh agus sin é an fáth gur tugadh séipéal na Tulaighe mar ainm air.
U3- Learaí Ó Biaith -Baile na hAbhann
Colm ' ac Culáin- Baile na hAbhann
Séamus Mac Donnacha -Indreabhán.- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Colm 'ac Culáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Learaí Ó Biaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Donnchadha
- Aois
- 60
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe