Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0205
- XML “Carraig an tSagairt”
- XML “Bád Cholm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá oileán ar mo bhaile féin ar an gCaorán agus sé an tainm atá ar an gCarraig sin ná Carraig an tSagairt. 'Sé an fáth gur tugadh an tainm sin air mar bhí sagart ina chomhnuidhe i gCillín agus tháinic sé aniar lá i mbád i n-éindigh le fear eile a bhí ag dul ag baint fheamuinne. D'fhan an sagart ar an gcarraig go raibh an fheamuinn bainte ag an bhfear agus sin é an fáth gur tugadh carraig an tsagairt mar ainm air.Cillín = "Paráiste na Ceathrumhan Ruaidhe."
- Deirtear gur tháinig Colm Cille amach as Árainn i mbád cloiche. Ar an mBánrain a tháinig sé i dtír inaice na Roilige. Tá an “bád” ann fós acht ní mórán cosamhalacht báid atá uirthi anois mar bíonn na daoine ag baint píosa dhí agus dhá dtabhairt leób, acht bhí cosamhalachtt bád uirthi fadó. Tá tobar beannuighthe i naice leis an mbád agus bíonn daoine ag tabhairt turas ar an tobar lá an phátrúin. Nuair a bhíos siad tinn freisin tugann said turas air. Tá an tobar in aice na farraige.Tobar roinnt mór é. Ta cloch mhór istigh ina lár agus bíonn bric bheaga istigh fúithi. Nuair a bhíonn siad ag tabhairt turas caitheann said biadh síos ins an tobar ag na bric.(iompuigh)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chúláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe