Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áine Ní Fhatharta (13 1/2) do chuir síos.Gach aon seachtmhadh bliain Oidhche Chinn A Dhá Lá Dhéag bíonn oileán draoidheachta le feiceál amach ins an bhfarraige mhór in aice le Inis Mhór in Árainn.
Anuraidh (5-1-'38) chonnaic mé féin an t-oileán. Bhíos fhéin is gach duine againn sa teach thíos ar an ngardha Árd, garraidhe é seo atá an-árd is bíonn amharc breágh le feiceál uaidh ins gach áit thar timcheall air agus dhá bhrígh sin bhí amharc breágh le feiceál againn ar an oileán.
Mé fhéin an chéad dhuine a chonnaic an t-Oileán. Bhreathnuigh mé ar an bfharaige is shíleas gur tré lasadh abhí sí, bhí an oireadh sin soillse le feiceál amach ar an bhfaraige.B’iongantach an t-amharc é bhí sé mar bheadh na milliún coinnle lasta amháin de'n fharaige. Ní raibh duine ar an mbaile nach ndeachaidh ag breathnú ar na soillse an oidhche sin.
Chuala mé na seandaoine ag rádh go ndeachaidh triúr fear as an gCaorán amach i gcurrach oidhche dhá bfhaca siad an t-oileán le súil is go bhféadfhadh siad é a choinneál i mbarr uisge i comhnuidhe mar deirtear dá gcaithfeá bróg nó caipín nó rud ar bith isteach ar an oileán go bfanfhadh sé tirm.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc nuair a chonnaic an triúr seo é dubhairt siad go ngabhfadh siad amach go dtí é. Nuair a cheap siad a bheith in aice leis shíl duine aca a hata a chaitheamh isteach air acht bhí an t-oileán imighthe is ní fhaca siad ní ba mhó é.- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe