Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0211
- XML “Aill a' Mhaistre”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Loch a'Mhaistire i gCloichreadh ó thuaidh de Loch na Tulaighe agus tá aill in aice leis. Aill a'Mhaistire a thugas na daoine uirthi. Fadó shoin ins an tseanaimsir bhí fear darbh' ainm Labhrás agus a bhean in a gcomhnaidhe i gCloichreadh. Bhíodh na daoine an uair úd ag marbhú caorach. Bhíodh Labhrás ag marbhú caorach gach lá agus bhíodh a bhean ag sníomh 's ag cárdáil. Chuile lá thagadh bean isteach go dtí bean Labhráis agus bhíodh siad ag comhrádh le n-a chéile. Nuair a bhíodh an bhean ag imtheacht thugadh sí píosa de'n chaora léi. D'innis sí do'n fhear sa deireadh cé'n chaoi a mbíodh an bhean seo ag tabhairt píosa de'n chaora léi chuile lá. Ach d'fhan an fear istigh ag sníomh lá agus éadach na mná air. Tháinic an bhean seo ag an doras agus adubhairt: "Tuinnte fada a Labhráis!" D'imthigh sí léi annsin agus níor tháinic sí ní ba mhó. Acht chonnaic daoine go minic 'na dhiaidh sin í in Aill a' Mhaistire. Deirtear gur minic a chuala na daoine í istigh ag déanamh maistreadh san Aill. Is minic a thug sí bainne amach as an Aill do na daoine le n-ól. Sin é deire mo chuid seanchuis fúithi.
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe