Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0144
- XML “An Líon”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá garrdhai ar mo bhaile fhéin ar an gCaorán agus sén t'ainm atá air na garrdha an lín. Sé an fáth a tugadh an t'ainm sin air mar gheall go mbíodh lion dhá cur ann fadó. Ar dtús ceannóchadh na daoine cárt ruis agus chuirfhidís é i ngarranta doimhn agus d'fhásfhadh sé ar nós seagal. Nuair a bheadh sé i n-am é a bhaint 'séar'd a dhéanfhaidis é a tarraingt as an talamh agus punannacha móra a dhéanamh dhó agus é a chur le claidhe nó go dtriomóchadh sé. Nuair a bheadh sé tamall bainte chuirfhidís ins an loch e le go mbogfhadh sé agus annsin nuair a thógfhadh siad as an loch é do sgaraidís ar an talamh é le go dtriomóchadh sé aríst. Thiubhraidís abhaile é nuair a bheadh sé tirim agus chuiridís isteach ins an gcró é go dtiochfadh an geimhreadh agus na h-oidhcheannta fada. Nuair a tiocfadh an geimhridh chuiridís síos teine(adh) mhór agus dhéanadh siad sórt áilear os cionn na teine agus leagaidís an lion os cionn an áiléar.
Nuair a bheadh sé tirm cruaidh bhainidís as (aa) an síol agus nuair a bheadh an síol bainte as thiubhradh siad leó tuailigíní [tuairgníní]nó maidí agus rachaidís ghá bhualadh le go mbaineadh siad dó na déasracha. Nuair a bheadh an méid sin déanta acu leagaidís amach an bord agus leagadh siad an lion ar chorr a'bhoird agus thiocfhaidís dhá slisnáil sa gcaoi go mbainidís dhó na déasracha tuilleadh.
Annsin gheobhaidís tlú gairminte agus rachaidís dhá ghairmint leis an tlú agus nuair a bheadh sin déanta aca bheadh an líon chomh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile an tSléibhe, Co. na Gaillimhe