Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0126
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad an Paidirín ag an teine cnámha. Ag dul abhaile dóibh tugann gach duine splainnc as an teinidh leis ar faitíos nach mbeadh fataí maithe acu.
Fado bhídís ag cur píosa den splainnc ins gach garrdha fataí ach tá siad ag cailleadh na bpisróga anois. Bíonn trí lá na bó riabhaighe againn i dtús mí an Aibreáin. Bhí an tsean-bhó riabhach go dona agus bhí faitíos uirthi go dtiubbhfadh an Márta leis í. Nuair a bhí an Márta caithte leis sí géim athair agus dubht sí gur chinn air. Ansin d'iarr an Marta trí lá ar iasacht ar an Aibreán agus chuir an oireadh gaimhe agus gangaide ionnta sin gur cuireadh deireadh leis an tsean-bhó. Tá na laethannta céadna cruaidh gaimheamháil ariamh ó shoin. Deirtear gob' iad na laethata is fuaire sa mbliadhain iad.Anna (an-shamh?) na Samhna nó foghmhár na nGéabha - sin e an t-ainm a tugtar ar an "samhradh beag" a thagas faoi shamhain nuair a bhíos na géabha dá mbeathú i gcóir Oíche Changailt na gcnamha... Bíonn aimsir bheeagh ann tamall éigin i gcaitheamh na Samhna. Lá féil Bairtliméid, 24ú Lughnas. Bíonn aonach mór i nGaillimh faoin am sin i gcomhnaidhe, Aonach fhéil Bairtliméid nó Aonach na féile Bairtliméid. Tá na mílte Bairtliméad i gConnamara.- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Cúláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Culáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe