Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 009
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor tíghearnaí talmhan ins an cheanntar seo. 'Siad na príomh ceann a bhfuil aithne ag na sean-daoine ortha ná: Lord Dunkellin, Lord Burke agus Lord Campall. Ins an t-am sin d'fhéadfadh an tíghearna talmhan thú a chaitheadh amach as do fheirm dá mbeadh an cíos díolta agat féin.Beann chruinn a bhíodh ar chuile teach an uair sin. "Bothán a Cúinne" a bhí ar na tighthe sin. Ní fhéadfadh fuinneóga féin a bheadh ortha in geall ar go raibh cáin ar gach fuinneóg. An cineál glas a bhí aca ná maide Éamonn taobh istigh de'n doras gach oidhche.Ach an tíghearna talmhan darb ainm "Campall", bhí sé an-ghrádh-diamhail. Níor phós sé ariamh. bhíodh sé ag tabhairt rudaí do na tineontaí. Nuair a cáilleadh é tháinig a dhearbhráthair. Ní fhaca tú aon diabhal ariamh a bhí chomh dona leis sin. Dá mbeadh gabháltas maith talmhan ag duine chaithfeadh sé amach sa sráid é dá mbeadh an chíos díolta aige féin. Rinne sé feilm mhór dó féin de'n talamh ab fhearr a bhí sa cheanntar. Is ní raibh na tineontaí annsin ach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aodh Ó Maidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Maidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann