Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 012

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 012
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní raibh sé ré ach leath bhácáilte nuair a thóg sé suas é. D’ith sé é go léir agus annsin bhuail tart tar é. Chuaidh sé go dtí an chuinneóg agus d’ól sé timcheall is buicéad bláth. Leis an méid a bhí ithte agus ólta aige, phléasg sé. Caitheadh I sgailp é agus cuireadh carn ó’s a chionn. Tá an carn le feicsint fós.
    Tá áit eile ins an bhaile s’againne darb ainm “Teaichín A’ Mhaoir.” Chaith Fionn Mac Cúmhall seal, (geall ar go raibh sé ag fiadhach) annsin, agus a comrádaí. Le linn dóibh bheith annsin bhí troid beag acu le flaith a bhí ins an áit. Cailleadh cúpla fear agus tá cúpla clocha móra ann fós, áit a cuireadh iad.
    Tá fothraca de shean-chill ann. Naomh Féichín a chuir ar bun é, ach do sgriosadh é in éanfhacht le go leor teampall eile in am Rí Éinrí a hocht.
    Bhí draoi mór cumasach ins an áit s’againne in aimsir Pádhraig Naomhtha. Chuala Pádhraig faoi, agus tháinig sé cun é a ruaigeadh. Tháinig sé suas leis in aice leis an teach s’againne. Bhí draoi eile leis agus chaith an bheirt acu sleagh le Pádhraig ach chuaidh sé tríd an talamh. Annsin chaith ceann aca “cloch-ridire” leis ach chuaidh sé trí cloch agus rinne sé poll thríd. Tá an poll le feiceál fós. Annsin chaith
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Maidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Maidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)