Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 022](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0064%2FCBES_0064_022.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 022
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 022
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ins an droch-shaoghal nuair a gheobhadh daoine theidheadh na fir go dtí ceanntar nó tír go mbeadh obair le fághail acab, agus bhíodh siad ag cur airgid chuig na mná. Seo scéal faoi fhear den tsórt sin a chuaidh go Sasana ó'n áit seo tar éis pósta dhó.
D’imthigh sé nuair a bhí sé cúpla lá pósta is d’fhág a bhean léithe féin sa mbaile. Nuair a bhí sé scór is aon de bhliantaibh ag obair le mnaoi uasal i Sasana dubhairt sé leis an mhnaoi go mb'fhearr dhó dhul abhaile agus dubhairt sé léi cúpla cáca a dhéanamh dhó. Rinne sí amhlaidh. Ar maidin nuair a bhí an fear ag imtheacht thug an bhean trí cácaí dhó, dhá cheann le n-ithe ar a bhealach abhaile "agus ar t’anam ar sise “na bris an cáca sin nó beidh aithbhéala ort. Agus seo trí chomhairí maithe dhuit: a haon, ná déan aithgiorra san oidhche; a dó, ná fan oidhche i dteach a bhéas cailín óg pósta le sean-fhear agus a trí, ná déan gníomh san oíche a bhéas aithbhéala ort faoi san lá.” Leis sin d’imthigh an fear leis. Nuair a bhí sé tamall imthighthe tháinig fear suas leis. Bhíodar ag siubhal is ag caint go dtí go raibh sé in a dhubh-oidhche. Annsin diompuigh an fear a tháinig suas leis, le aithghiorra a déanamh trí choill agus bhí sé féin ar tí an rud chéadhna a dhéanamh nuair a chuimhne sé ar an chéad chomhairle a thug an bhean dhó, agus bhí áthas air gur chuimhne mar(leanann ar an chéad leathanach eile)