Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé amhlaidh. Dubhairt an Naomh go ndéanfadh sé fairiughadh leis, an oidhche sin. Dubhairt sé leis freisin go raibh sórt faitchís air gurb é an diabhal a bhí ann.
Mar sin féin chuaidh sé go dtí an teach moch go leor sa tráthnóna agus duine dá chuid mánach agus leabhar mór ag gach duine acu. Nuair a tháinig sé go dtí an teach dubhairt sé leis an fear dul in a chodladh, agus dá mba' é an diabhal a bhí ann go dtiocfadh sé san lá.Ní raibh siad i bhfad ann gur tháinig an diabhal agus thug an Naomh sgeilp dó de bhachall. Amach leis an diabhal agus do lean an Naomh agus a mhanach é agus chuir siad amach thar na sléibhte é. Séard adubhairt an Naomh in a dhiaidh sin: "Bhí muid leis ariamh" adeir sé "gur chuir muid amach thar "Tul na Sgeiche" é is gur chuir muid i loch annsin é agus ní fillfidh sé aríst go réidh"
Tá a lán daoine ainmnighthe "Nioc" in a dhiaidh. Is ar an séamhadh lá de Nodlag atá a fhéile. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.