Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 047
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Droichead ar loch, gan maide, gan cloch.
Freagra: leac-oidhre
Cómh bán le sneachta,
Cómh dearg le fuil,
Cómh h-árd le caisleán,
Cómh milis le mil.
Freagra: Ubhall.
Corcán óir lán d’fuil beó.
Freagra: méarachán.
Ceithre cosa ar thalamh, dhá chois ar thalamh, ceann an duine lé tóin an ainmhnidhe.
Freagra: Bean ag bleágh ghabhair.
M'athair mór ar chúl an chófra agus dhá chéad cóta air.
Freagra: Gas gabáiste.
Cé'n taobh den chupáin, a bhfuil an chluas air.
Freagra: ar an taobh amuich. - Anois tá orm a innsint fé’n gcuinneóig. Nuair a bhíonn an bainne tar éis bheith blighte, tugtar leamhnacht uirthi. Annsin nuair a a bhíonn sé ina staic mar adeirtear cuirtear sa gcuinneóig í. Annsin déantar í agus nuair a bhíonn an im tógtha aisti(leanann ar an chéad leathanach eile)