Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 049
- XML “An Chuinneog”
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tharraing siad an chuinneóg aníos arís, acht níorbh féidir leo aon im d'fhághail aisti. D'fhág siad an chuinneog annsin, agus ar maidin, bhí an chuinneog lán d'im.
Cúpla lá théis sin fuair an bhean sin bás, agus oidhche Shamhna chonnaic bean a'tighe an bhean eile ar thaobh an bhóthair agus í ag déanamh maistreadh. Bíonn an t-im ar bharr an bhainne nuair a bhíonn an maistreadh déanta.
Tógtar amach an t-im lé cupán adhmaid. Tugtar an bláthach do na muca agus do h-oibrigheadóirí na tíghe í. Is maith í lé haghaidh daoine a bheadh ag obair go cruaidh.
Bhí fear ann uair amháin agus d'ól sé an iomarca agus phléasg sé.
Cuireann na daoine thart timcheall na h-áite seo gad tuighe timcheall an chuinneog oidhche Shamhna. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.