Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)
- Suíomh:
- Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Duibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulach Cadhain
- XML Leathanach 054
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí an teach agus fuair sé amach gur teach ósta a bhí ann. Dubhairt sé leis an ostóir, béile a fhághail dó féin agus dá mháthair. Dubhairt sé go raibh a mháthair thíos ag an droichid, agus , ar seisean dubhairt mé léithí fanacht ann go dtiocfaidh mé amach.
Thosuigh sé air ag ithe a bhricfeasta agus dubhairt sé lé fear a'tighe dul amach agus a rádh lé'n a mháthair teacht go a bricfeasta, acht ar seisean, "Tá sí roinnt bodhar agus tabhair buile di nó ní thiubhradh sí aon áird ort agus annsin abair léi teacht isteach."
Chuaidh an fear amach agus (to) thug sé buile beag dí acht ní raibh aon áird ag an mnaoi air. Dubhairt sé léi go h-árd annsin. "tar isteach go dtí do bhricfeasta." thug sé buile eile dí annsin agus thuit sí isteach san uisce. Lé sin leig an fear sgread as, "ó arsa an fear céard a dhéanfadh mé ar chor ar bith." Chuaidh an fear amach, agus chas an ostóir air: "ó thuit sí isteach san uisce," ars' an óstóir, acht arsa sé, "tiubhraidh mé cead go leith punt duit acht ná innis d'aon neach beo céard a thárla di." " Atá go maith ars' an duine bocht, ní innseóchaidh mé d'aon neach fúithi."
D'imthigh sé leis abahile agus a phocaí lán lé airgead. D'fiafruigh a bheirt dhearbhráthair de, cé'n áit a bhfuair sé an t-airgead. D'innis sé dóibh faoi an teach ósta agus fé'n droichid beag.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe