Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    talamh. Ní raibh an fathach indon é a chaitheadh acht cúpla slat. Chuir an fear a lámh ar chois an uird agus chuir sé fead as. “Céard tá tú a dhéanamh” arsa an fathach. “Á” arsa an fear, “tá mé ag caitheamh uird, rud nach raibh tusa indon a dhéanamh.” Nuair a chuala an fathach é sin bhí fearg air agus dubhairt an fear leis an bhfathach go gcuirfeadh sé an t-ord go dtí an Domhain Thoir an chaoi go gcloisfeadh a mhac torann an uird agus go gheobhadh se an t-ord. “A, ná déan,” arsa an fathach tiubhradh mé airgead duit.
    Tá go maith arsa mo duine bhocht. Thug an fathach an airgead dó, acht nuair a fuair sé an t-airgead bheir sé ar slaitín draoidheachta a bhí ag an bhfathach agus rinne sé cloch de’n bhfathach. Bíonn bean-sighe ag sliosadh ann gach lá dár eirigh léithí.
    M’athair Tadhg Ó Maidín
    Cill a’Clogán
    Mágh Cuilinn, Co. Na Gaillimhe,
    a thug an teolas seo dhom
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Innéacs seanscéalta
    AT1062: Throwing the Stone
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Maidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Chlogáin, Co. na Gaillimhe