Scoil: Tulach Cadhain (uimhir rolla 8446)

Suíomh:
Tulaigh Mhic Aodháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Duibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0064, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulach Cadhain
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Leath troigh ar fhaid. Cuireann sí ar an túirne annsin é. Casann sí an rotha annsin agus déineann sí snáth fada amháin de’n reoiléir. Gheibheann sí reoiléir eile ansin agus déineann sí an rud céadna leis. Ceangluigheann sí na snátha lé chéile agus leanann si uirthí mar sin go mbíonn próiste déanta aici. Déanann siad éadach mar seo freisin.
    Gheibheann siad olann, agus carrluigheann siad e. cuireann siad ar an túirne é. deilbhinn siad é ansin lé crann deilbh. Tugtar go dtí an fígheadóir annsin é agus déantar flainín de. Deanann mná a’tighe báiníní agus ceannsíghe dúinn(e) féin. caitheann gach duine báiníní.
    Caitheann daoine eadach dubh ar feadh na bliadhna tareis aon duine a mbaineann leo bas. Nuair a bhíonn cúpla lé posadh, geibheann siad is fear atá le fághail. Geibheann siad an ceann is fear a gheobhadh siad arís go deo.
    Tomás Breathnach,
    Gort a’ Cholladh
    Mágh Chuilinn.
    Is ó m’athair Micheál Breathnach a fritheadh an t-eolas seo. (feilmeóir)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort an Chalaidh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheál Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)