School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 042
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fághann ciaróg ciaróg eile amach
Sé an túlan ag tabhairt dath dubh ar an bpota é
Is iomdha rud a feicthear don daomhaneimeas (?)
Ní dóichidhe an abhainn anonn (?) ná análl
Fág an tír nó bí sa bhfaisiún
Is maith an tiománaidhe a bhíos ar an gclaidhe
Níl duine dá chríonna nach dtéígheann beart 'na aghaidh
Is grádhna an ball ar bharr driosúir é
Seanchas fada is deacair é shárú
Is maith is cáirde grásta le foighid
Fágfaidh an codladh fada pócaí falamh ad (?)Is fearr aon chleas amháin ar foghnamh ná lán mála de chleasa eileTosach maith leath na h-oibre
Is fearr uair ag breathnughadh romhat ná lá ag obair