Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 208
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh an mac óg indiaidh an ghirrfiadhe an 3adh lá, agus thuit an oidhche air fá mar a thárla do'n mbeirt eile. Chas sé thar n-ais. Bhí an seanntán roimhe--chuaidh isteach. Lorg an lóisdín ar an seanmhnaoi.
Fuair a shuipéar. Indiaidh an tsuipéir thárla an chainnt chéadna. "Ceangail na gadhair" ar sise. Ceangail le ribe dem' ghruaig iad. Phrioc míol thiar i gcúl a chinn é agus chaith sé an míol agus an ribe isteach sa teine.
"Fuil nó cómhrac anois" ar sise. "Níl fuil ná cómhrac agam duit" ar seisean. Thug sí fá chun é mharbhú. "Cabhair a chú" ar seisean. "Coinnibh a ribe" ar sise. Coimeádfaidh mise ins an teine arsan ribe. Tháinig an cú agus an madaralla agus stracadar óna chéile í. "Ná mairbh in aon chor mé" ar sise, agus tabharfad do bheirt driothár duit, na capaill agus na gadhair. "Tá slaitín draoidheachta os cionn an dorais sin thíos agus buail ar na clocha bána ansan amuich --eireochaidh do bheirt driothár agus na capaill agus na madraí. Bhí an bheirt driothár, na madraí agus na capaill ansan aige. Mhairbh sé ansan í. Thángadar abhaile go dtí an Riogh. Bhi seisean anáirde staighre ag feachaint amach trén bhfhuinneóig ag gol.
Nuair a chonnaic sé ag teacht iad d'oscail a bhéal chomh mor go bhfhéadfá a chroidhe d'fheiscint.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí