Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 215
- XML “Scéal - Conas a Fuairtheas amach go Raibh Leasú Talún sa Ghainimh”
- XML “Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- 3. Sídheoga (scéal)
Bhí seanbhean ina cómhnaidhe annso i nGleann na Mináirde céad bliain ó shoin. "Clára" a h-ainm. Bhíodh sí in éinfeacht leis an sluagh sidhe ist oidhche go minic agus pé rud a dheineadh a muinntir chun í choimeád istig d'éaluigheadh sí amach i ngan fhios dóibh. Uaireannta do chodluigheadh beirt ban 'na teannta ach thuiteadh a gcodladh ortha agus d'imthgheadh sise. Bhíodh sí slach agusstracaighthe go minic t'réis na h-oidhche.
Do thárla uair go raibh pósadh sa chomharsanacht agus níor fhan aoinne istig i dtigh áirithe ach bean agus a leanbh óg. I lár na h-oidhche d'éirig an bhean seo ana uaigneach, seo leithe go dtí an pósadh agus an leanbh ar a drom aici. Is deallramhach go bhfuair an leanbh poc ós na daoine maithe mar t'réis teacht abhaile dóibh ní stopfadh an saoghal í ach í ag gol agus ag scréachaig(leanann ar an chéad leathanach eile)