Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 217
- XML “Sióga”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
(gan teideal)
“Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion.”
Bhí fear fadó i nGarraidhe na dTor (sa pharóisde seo) agus thug sé fá ndeara go mbíodh a bhó crúidhte roimis na h-aon mhaidion. Ar maidin go moch chuaidh sé roimh eirighe gréine ag faire agus cad a chídfeadh sé ach an girrfhiadh ag crú na bó roimis. Chuir sé an madra'na diaidh agus rug sé ar an ngirrfiadh thiar ag Gleann-giorráin -Ghiub. Nuair a shrois an fear an áit, cé bheadh ann in ionaid an girrfiadhthe ach bean agus í ag tabhairt fola t'réis an stracadh a thug an madra di . D'aithin an fear í- comharsadho a b'eadh í - agus d'iarr sí trócaire air. Leig sé leithe an turas san agus níor tháinig sí ag crú na bó go deo airís. Is amhlaidh a bhíodh an bhean seo ag crú na bó agus í i bhfuirm girrfiadhthe tré chómhacht draoidheachta.