Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 220
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis abhaile go dtí na bhean leis an mála. Bhí fhios ag a mhnaoi go raibh rud éigin ag cur buadhairt ar a chroidhe agus thug sé a rún di.Thug sé a inghean agus an capaillín thar n-ais. Nuair a chonnaic an t-inghean é tháinig scannradh uirthe roimis. Tháinig an t-athair abhaile agus d'fhág an t-inghean 'na dhiaidh. Taréis coigthíos do chaitheamh ann d'iarr sí cead ar an bhfear dul abhaile go dtí tig a hathar agus do thug. Tháinig sí abhaile agus bhí taidhreamh aici oidhche go raibh rud éigin ar fhear an seanntáin.
Chuir sí dhi ansan chuige thar n-ais agus nuair a shrois sí an tig is amhlaidh a bhí sé sínte ar lár an urláir agus é ag gearán go mór. Dheara a dhuine bhoicht, cad tá ort, ar sise. Táim ag fághail bháis, ars é sin, an bpósfá mé? Pósfad, ar sise. Phreab sé 'na shuidhe - an fear ba bhreagtha dár chonnaic súile duine ariamh. Dá ndéarfá an uair sin ná pósfá mé do gheobhainn bás ar an bpoinnte baise. Beidh saoghal sona sásta againn anois, ar seisean- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gribhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhothrach Mhór, Co. Chiarraí