Scoil: Mín Árd
- Suíomh:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Árd
- XML Leathanach 224
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML (gan teideal)
- XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisce do thinneas cinn.Tobar Fionán: Tugtar turas ar an dtobar so Lá 'le Fionán. Deirtear go bhfuil leigheas sa tobar so do gach galar. Tugann mórán de mhuinntir na h-áite seo an turas agus tá an áit ana bheannuighthe. D'á thriomacht a thagann an aimsir níor chuaidh aon cheann des na toibreacha seo indísc riamh.
(gan teideal)
“Ba bheannuighthe an áit í Ceann Árd a bparóisde Liospoil blianta ó shoin.”
Ba bheannuighthe an áit í Ceann Árd i bparóisde Liospóil blianta ó shoin. Do labhair an sagart ó'n altóir i Séipeál Liospóil uair agus 'sé rud a bhí i gceist aige ná gur cuireadh duine éigin i dTeampall Chinn Áird ná raibh 'na Chaitlicigh,
agus bhí sé ar buile 'na thaobh. Bhí fear siubhal ag éisteacht leis, d'eirig 'na sheasamh agus dubhairt :- "Fóil, a shagairt agus na h-abair aon rud.
Ar Cheann Árd aerach gur thuirling naomh ann,
Má tá duine curtha ann gan creideamh gan daonacht
Agair ar féin e agus ná h-agair ar an bpobal go léir é".
Níor labhair an sagart a thuille ach thug sé a bheannacht do'n bPobal.- Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil. Timcheall céad caogadh bliain ó shoin bhí aicíd uathbhásach ar a dtugtar an Cholera ag teacht ar na daoinibh agus bhíodar(leanann ar an chéad leathanach eile)